[gan ainm]

7/25/2005

An Bhreatain Bheag

Bíomid ag éisteacht leis seo go minic, tá a fhios agam. Ach, tá said (Donncha Ó hEallaithe, John Walsh &rl.) ceart fá’n Bhreatnais. Tá orainn agus ar ndóigh tá ar an riatlas s'againne cóip le déanamh den phleann teanga a bhfuil ag riatlas na Breataine Bige. Maith go leor, níl an stádas céanna ag an dá teanga (go reigiúnach, go náisiúnta, go hidirnáisiúnta), ach níl ceist ar bith ann, ar aoi cad é atá an teanga is láidre.




Tá na háiteana mar go bhfuil an an teanga á labhairt den chuid is mó san iathar na tíre i measc na sléibhte. Ach tá dhá chéist an-mhór fós leis an learscail seo; (1) níl fhios again cá mhéad duine a bhíonn ag baint úsáide as an Bhreatnais gach lá (mar ní bhíonn an t-eolas sin le fáil ón daonáirimh na Breataine), agus (2) níl go leor eolas a chor ar bith fá na pobail an teanga i gCaerdydd ná sna cathaireacha eile i ndeisceart na tíre.





Tá an dara fadhb againne anseo in Éirinn chomh maith. Deir cuid daoine go bhfuil pobail Gaelacha inár mbailte, agus inár gcathaireacha féin (m.sh. i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Béal Feirste), ach cá bhfuil said go beacht? An bhfuil ionad/ionaid lárnach na Gaeilge ann (mar atá anseo i mBéal Feirste)? An bhfuil áiteana ar bith mar go bhfuil an Ghaeilge ag níos mó ná 50 % den daonra? Agus an bhfuil seirbhísí ag na pobail seo, don Ghaeilge a méadú?

0 freagra­í:

Post a Comment

<< abhaile