[gan ainm]

7/28/2005

An Ghaeltacht Oifigiúil

Is í an Ghaeltacht Oifigiúil í seo. Clúdaíonn sí codanna ar chósta thiar Phoblacht na hÉireann, i seacht gcontae; Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, agus an Mhí. De réir an riatlais, is í an Ghaeilge í an príomh-theanga sna ceanntair seo (agus an stát iomlán), ach is minic nach mbíonn sí, agus tá bailte go leor sa Ghaeltacht Oifigiúil, áit a bhfuil níos lú ná cúig fá'n chéad den daonra ag labhairt na teanga gach lá.




Chruthaigh na teorainneacha láithreacha sna 1950í, le cúpla áthrú i 1988. (Ní raibh cinn ar bith roimhe sin, 'sé sin ar léarscáil.) Áfach, ar ais sa bhlian 1926, tar éis an chéad thuaraiscáil de chuid Choimisiúin na Gaeltachta, bhí Gaeltachtaí suite ins na caontaethe seo a leanas; i dTiobraid Arann, Luimneach, An Clár, Cill Chainnaigh, Ros Commain, Liatroma, Lú, agus in Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall.



Ó thuaidh na teorainne, go dtí na 1930í, bhí Gaeilge fós beo i gContae Ard Mhacha, Fear Manach, ar oileán Reachlainn agus ins na Gleannta i gContae Aontroma. Fuair an cainteoir dheireanach i gContae Aontroma bás i 1984 - agus ba í an bhean sin í an Ghaelgeóir dhúchasach dheireannach a bhí an inmhe caint frí chainiúint ar bith as an tuaisceart.

Úsáiseacha

Údaras an Gaeltachta
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Learscaileanna níos fearr

ón Údaras
ó GhaelSaoire

1 freagra­í:

  • the colonel's assistant. Ar ndóigh, rinne an cainteoir dúchas deireanach an fístéip sin i 1985 (is dócha). Agus chuala mé go raibh sí fós á labhairt ar Reachlainn suas go dtí na 20í. Ach chríochnaigh an pobal na háite sin Gaeilge a úsáid mar theanga an phobail timpeall na 30aidí.

    By Blogger solasdubh, ag 10:00 a.m.  

Post a Comment

<< abhaile