7/28/2005
An Ghaeltacht Oifigiúil
Chruthaigh na teorainneacha láithreacha sna 1950í, le cúpla áthrú i 1988. (Ní raibh cinn ar bith roimhe sin, 'sé sin ar léarscáil.) Áfach, ar ais sa bhlian 1926, tar éis an chéad thuaraiscáil de chuid Choimisiúin na Gaeltachta, bhí Gaeltachtaí suite ins na caontaethe seo a leanas; i dTiobraid Arann, Luimneach, An Clár, Cill Chainnaigh, Ros Commain, Liatroma, Lú, agus in Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall.
Ó thuaidh na teorainne, go dtí na 1930í, bhí Gaeilge fós beo i gContae Ard Mhacha, Fear Manach, ar oileán Reachlainn agus ins na Gleannta i gContae Aontroma. Fuair an cainteoir dheireanach i gContae Aontroma bás i 1984 - agus ba í an bhean sin í an Ghaelgeóir dhúchasach dheireannach a bhí an inmhe caint frí chainiúint ar bith as an tuaisceart.
Úsáiseacha
Údaras an Gaeltachta
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Learscaileanna níos fearr
ón Údaras
ó GhaelSaoire
7/26/2005
An Fhíor-Ghaeltacht

Tá áit curtha san áireamh sa chatagóir seo dá mbeadh níos mó ná 80% de mhuintir ag baint úsáide as an Ghaeilge gach lá. M. Sh. Gaoth Dobhair, Mín an Chladaigh, Dún Lúiche, Gort an Choirce, Oileán Toraigh (i nDún na nGall), Glinsce, Bun na hAbhann, Cill Chiaráin, Ros Muc, Camas, Casla, Ros a’ Mhíl, na hOileáin Árann (i nGaillimh), Dún Chaoin, agus An Fheothanach (i gCiarraí).
Nascanna Úsáiseacha
An Phíomh Oifig Staidrimh na hÉireann
Cuisle
7/25/2005
An Bhreatain Bheag

Tá na háiteana mar go bhfuil an an teanga á labhairt den chuid is mó san iathar na tíre i measc na sléibhte. Ach tá dhá chéist an-mhór fós leis an learscail seo; (1) níl fhios again cá mhéad duine a bhíonn ag baint úsáide as an Bhreatnais gach lá (mar ní bhíonn an t-eolas sin le fáil ón daonáirimh na Breataine), agus (2) níl go leor eolas a chor ar bith fá na pobail an teanga i gCaerdydd ná sna cathaireacha eile i ndeisceart na tíre.
Tá an dara fadhb againne anseo in Éirinn chomh maith. Deir cuid daoine go bhfuil pobail Gaelacha inár mbailte, agus inár gcathaireacha féin (m.sh. i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Béal Feirste), ach cá bhfuil said go beacht? An bhfuil ionad/ionaid lárnach na Gaeilge ann (mar atá anseo i mBéal Feirste)? An bhfuil áiteana ar bith mar go bhfuil an Ghaeilge ag níos mó ná 50 % den daonra? Agus an bhfuil seirbhísí ag na pobail seo, don Ghaeilge a méadú?
7/24/2005
An Smaoineamh Úr don ‘Fíor-Ghaeltacht’

Seo learscáil na háiteana san tír mar go bhfuil níos mó ná 50% den daonra iomlán ag úsáid na teanga gach lá. Ar ndóigh níl sí chomh mór leis an nGaeltacht Oifigiúil na haimsire seo, ach cludaíonn sí réimse go reasúnta mór, bhoil, níos mó a bheadh 80% ar aon chaoi.
An Ghaeilge sa Ghaeltacht

Ach, mar sin féin, tá an Ghaeltacht go reasúnta mór (ar léarscáil), agus tá na fadhbanna seo le fáil i roinnt áithrithe ceanntar go hamháin, ach níl said ag ceanntair eile. Agus, is é an fáth sin cad chuige atá an Fhíor-Ghaeltacht (m.sh. Gaoth Dobhair, Casla), an Breac-Ghaeltacht (m.sh. Anagaire, Na Forbacha), agus áiteana eile gan mórán Gaeilge acu, cé go bhfuil sa Ghaeltacht Oifigiúil (m.sh. Gleann Bhairr, Bearna) ann. Sin ráite, cad chuige atá áiteana gan morán Gaeilge acu sa Ghaeltacht oifigiúil fós san aonú aois is fiche? Go háirithe nuair níl go leor ghluaiseacht ná tacaíocht ar bith don teanga í féin ag teacht uathu.

Tá díospóireacht an-mhór faoi láthair ar an cheist ‘ar chóir do cheantair gan mórán Gaeilgoeirí laethiúila acu fanacht sa Ghaeltacht. Deir cuid doine atá pobail mar seo ag glacadh airgid ón stát mar stádas Gaeltachta nuair go bhfuil go leor áiteanna eile fós mar go bhfuil an Gaeilge i bhfad níos láidre, agus í príomh-theanga den daonra ar fad gan go leor fobairt le fáil (m.sh. Iorras Aithneach, Dúiche Sheoigheach).