[gan ainm]

9/27/2007

Líon na dTeaghlach ina Labhraítear Gaeilge

Na scéalta is déanaí...

Tá Gaeilge fós á labhairt ag cuid teaghlaigh Gaeltachta!

Na huibhireacha;

Sa bhliain 1995, ba mhór an trua í nach raibh ach 84% de na teaghlaigh le páistí bunscoile i gCeantar na nOileán líofa sa Ghaeilge. I 2005, bhain 96% úsáid aisti mar phríomhtheanga an tí. Agus, tá an rud céanna le cloisteáil ar fad na Gaeltachta le deich mbliana anuas. Ar an Cheathrú Rua (ó 86% suas go dtí 90%), ámh chan fhuil na háiteanna seo suite sa Fhíor-Ghaeltacht go hamháin.

Ar an Rinn i gContae Phort Láirge (ó 9% i 1996, suas go 16% i 2005), in Eachléim in iarthuaisceart Mhaigh Eo (ó 25% go 41%), agus i bhFánaid, i gContae Dhún na nGall thuaidh (ó 4% i 1996 suas go 22% i 2005).

Fiú dá mba rud é go bhfuil an teanga ag isliú ar imeall na Gaeltachta, is léir go fóill go bhfuil úsáis á bhaint asti ag a lucht labhartha ins na ceatair ina bhfuil sí á labhairt leis na mílte bliain anuas.
Bheadh sé de cheart a rá chomh maith go dtagann an fhianaise seo i éadan chuid mhóir oibre a bhfoilsaíodh i dtuairiscáil Choimisiún na Gaeltachta.

7/28/2005

Fáilte




Fáilte chuig mo bhlag. Beidh tuilleadh eolais ar fáil anseo i rith na míonna seo chugainn. Ach go fóill, tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as na smaointe maidir leis an Ghaeilge atá ann.

An Ghaeltacht Oifigiúil

Is í an Ghaeltacht Oifigiúil í seo. Clúdaíonn sí codanna ar chósta thiar Phoblacht na hÉireann, i seacht gcontae; Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, agus an Mhí. De réir an riatlais, is í an Ghaeilge í an príomh-theanga sna ceanntair seo (agus an stát iomlán), ach is minic nach mbíonn sí, agus tá bailte go leor sa Ghaeltacht Oifigiúil, áit a bhfuil níos lú ná cúig fá'n chéad den daonra ag labhairt na teanga gach lá.




Chruthaigh na teorainneacha láithreacha sna 1950í, le cúpla áthrú i 1988. (Ní raibh cinn ar bith roimhe sin, 'sé sin ar léarscáil.) Áfach, ar ais sa bhlian 1926, tar éis an chéad thuaraiscáil de chuid Choimisiúin na Gaeltachta, bhí Gaeltachtaí suite ins na caontaethe seo a leanas; i dTiobraid Arann, Luimneach, An Clár, Cill Chainnaigh, Ros Commain, Liatroma, Lú, agus in Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall.



Ó thuaidh na teorainne, go dtí na 1930í, bhí Gaeilge fós beo i gContae Ard Mhacha, Fear Manach, ar oileán Reachlainn agus ins na Gleannta i gContae Aontroma. Fuair an cainteoir dheireanach i gContae Aontroma bás i 1984 - agus ba í an bhean sin í an Ghaelgeóir dhúchasach dheireannach a bhí an inmhe caint frí chainiúint ar bith as an tuaisceart.

Úsáiseacha

Údaras an Gaeltachta
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

Learscaileanna níos fearr

ón Údaras
ó GhaelSaoire

7/26/2005

An Fhíor-Ghaeltacht

Is í an Fhíor-Ghaeltacht í seo mar atá fá láthair. Ní chlúdaíonn sí ach cúpla cuid den Ghaeltacht Oifigiúil, i nDún na nGall thiar thuaidh, Gaillimh dheas, agus Ciarraí thiar.



Tá áit curtha san áireamh sa chatagóir seo dá mbeadh níos mó ná 80% de mhuintir ag baint úsáide as an Ghaeilge gach lá. M. Sh. Gaoth Dobhair, Mín an Chladaigh, Dún Lúiche, Gort an Choirce, Oileán Toraigh (i nDún na nGall), Glinsce, Bun na hAbhann, Cill Chiaráin, Ros Muc, Camas, Casla, Ros a’ Mhíl, na hOileáin Árann (i nGaillimh), Dún Chaoin, agus An Fheothanach (i gCiarraí).

Nascanna Úsáiseacha


An Phíomh Oifig Staidrimh na hÉireann
Cuisle

7/25/2005

An Bhreatain Bheag

Bíomid ag éisteacht leis seo go minic, tá a fhios agam. Ach, tá said (Donncha Ó hEallaithe, John Walsh &rl.) ceart fá’n Bhreatnais. Tá orainn agus ar ndóigh tá ar an riatlas s'againne cóip le déanamh den phleann teanga a bhfuil ag riatlas na Breataine Bige. Maith go leor, níl an stádas céanna ag an dá teanga (go reigiúnach, go náisiúnta, go hidirnáisiúnta), ach níl ceist ar bith ann, ar aoi cad é atá an teanga is láidre.




Tá na háiteana mar go bhfuil an an teanga á labhairt den chuid is mó san iathar na tíre i measc na sléibhte. Ach tá dhá chéist an-mhór fós leis an learscail seo; (1) níl fhios again cá mhéad duine a bhíonn ag baint úsáide as an Bhreatnais gach lá (mar ní bhíonn an t-eolas sin le fáil ón daonáirimh na Breataine), agus (2) níl go leor eolas a chor ar bith fá na pobail an teanga i gCaerdydd ná sna cathaireacha eile i ndeisceart na tíre.





Tá an dara fadhb againne anseo in Éirinn chomh maith. Deir cuid daoine go bhfuil pobail Gaelacha inár mbailte, agus inár gcathaireacha féin (m.sh. i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Béal Feirste), ach cá bhfuil said go beacht? An bhfuil ionad/ionaid lárnach na Gaeilge ann (mar atá anseo i mBéal Feirste)? An bhfuil áiteana ar bith mar go bhfuil an Ghaeilge ag níos mó ná 50 % den daonra? Agus an bhfuil seirbhísí ag na pobail seo, don Ghaeilge a méadú?

7/24/2005

An Smaoineamh Úr don ‘Fíor-Ghaeltacht’

Anois, tá go leor fadhbanna maidir leis an ‘Fíor-Ghaeltacht’. Cad tá sí? Agus, cá bhfuil sí? Go stairiúil, ba an ‘Fíor-Ghaeltacht’ iad na háiteana na tíre mar go raibh níos mó ná 80% den daonra iontu, le Gaeilge acu. Deir cuid daoine gur cheart di (An Ghaeltacht) bheith áiteana sa tír mar go bhfuil níos mó ná 50% den daonra ag úsáid na teanga gach lá.



Seo learscáil na háiteana san tír mar go bhfuil níos mó ná 50% den daonra iomlán ag úsáid na teanga gach lá. Ar ndóigh níl sí chomh mór leis an nGaeltacht Oifigiúil na haimsire seo, ach cludaíonn sí réimse go reasúnta mór, bhoil, níos mó a bheadh 80% ar aon chaoi.

An Ghaeilge sa Ghaeltacht

Tá níos mó ná 86,000 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht faoi láthair. Labhraíonn timpeall 23,000 duine Gaeilge gach lá, agus labhraíonn 29,000 go laethiúil nó go seachtainiúil í. Ach fós, níl aithne maith ar an Ghaeilge ag 24,000.



Ach, mar sin féin, tá an Ghaeltacht go reasúnta mór (ar léarscáil), agus tá na fadhbanna seo le fáil i roinnt áithrithe ceanntar go hamháin, ach níl said ag ceanntair eile. Agus, is é an fáth sin cad chuige atá an Fhíor-Ghaeltacht (m.sh. Gaoth Dobhair, Casla), an Breac-Ghaeltacht (m.sh. Anagaire, Na Forbacha), agus áiteana eile gan mórán Gaeilge acu, cé go bhfuil sa Ghaeltacht Oifigiúil (m.sh. Gleann Bhairr, Bearna) ann. Sin ráite, cad chuige atá áiteana gan morán Gaeilge acu sa Ghaeltacht oifigiúil fós san aonú aois is fiche? Go háirithe nuair níl go leor ghluaiseacht ná tacaíocht ar bith don teanga í féin ag teacht uathu.



Tá díospóireacht an-mhór faoi láthair ar an cheist ‘ar chóir do cheantair gan mórán Gaeilgoeirí laethiúila acu fanacht sa Ghaeltacht. Deir cuid doine atá pobail mar seo ag glacadh airgid ón stát mar stádas Gaeltachta nuair go bhfuil go leor áiteanna eile fós mar go bhfuil an Gaeilge i bhfad níos láidre, agus í príomh-theanga den daonra ar fad gan go leor fobairt le fáil (m.sh. Iorras Aithneach, Dúiche Sheoigheach).